Skip to main content.

Leabharlann

Comhairle Contae Ros Comáin: Seirbhísí Leabharlainne

Is tríd an léitheoireacht a aimsítear eolas agus a shoichtear saol na samhlaíochta

Roscommon County Library

Freastalaíonn Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Ros Comáin ar riachtanais chultúrtha, oideachais, faisnéise, foghlama, áineasa agus staidéir an phobail go léir sa chontae, idir óg agus aosta.

Seachadtar an tseirbhís trí líonra de sheacht mbrainse atá lonnaithe i Ros Comáin, i Mainistir na Búille, sa Chaisleán Riabhach, i mBéal na mBuillí, in Ail Finn, i mBéal Átha Feorainne agus san iliomad ionad eile.

Tá bailiúchán substaintiúil de chartlanna agus d'ábhar staidéir áitiúil a bhaineann le stair agus oidhreacht an chontae i gceanncheathrú Leabharlann an Chontae, áit a ndéantar an t-ábhar sin a riaradh freisin.

Soláthraíonn Seirbhís Leabharlainne na Scoileanna stoc do thuairim agus 96 bunscoil sa chontae agus cuidíonn leo.

Leantar de bheith ag feabhsú na dTeicneolaíochtaí Cumarsáide Faisnéise i bhfoirm ríomhairí a bhfuil teacht ag an bpobal ar an idirlíon tríothu, uathoibriú leabharlainne agus forbairt suíomhanna idirlín, d'fhonn rochtain níos fearr ar an tseirbhís agus rannpháirtíocht níos fearr inti a chothú.

Comhoibríonn an tseirbhís leabharlainne le roinnt eagraíochtaí agus grúpaí idir áitiúil agus náisiúnta, agus bíonn sí rannpháirteach leo, chun clár imeachtaí a chur ar fáil gach bliain.

Leabharlann Chontae Ros Comáin, Sráid na Mainistreach, Ros Comáin.

Guthán: 090 - 6637274

Facs: 090 - 6637101

Rphost: roslib@roscommoncoco.ie.

Leabharlannaí an Chontae: Richard Farrell