Services

Map Alerts

Seirbhísí Uisce Agus Séarachais


Is í feidhm Chomhairle Contae Ros Comáin maidir le Seirbhísí Uisce ná:

  • Córais Soláthair Uisce agus Gréasán Draenála agus Córais Chóireála Fuíolluisce a sholáthar, a fheabhsú agus a chothabháil chun freastal do riachtanais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo.

Tá 18 scéim uisce poiblí agus 24 scéim séarachais faoi údarás Chomhairle Contae Ros Comáin. Déantar monatóireacht rialta ar an gcaighdeán uisce a sholáthraítear chun a dheimhniú go gcloítear leis an Rialachán um Uisce Óil. Meastar gur €138.5 milliún atá sa Chlár Infheistíochta Seirbhísí Uisce le haghaidh scéimeanna caipitil 2007-2009 do Chontae Ros Comáin agus maoinítear é ón bPlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013.

Déantar na seirbhísí seo a leanas a sholáthar:

  • Scéimeanna poiblí soláthair uisce agus scéimeanna poiblí séarachais a fheidhmiú agus a chothabháil.
  • Monatóireacht agus cothabháil a dhéanamh ar chaighdeán uisce.
  • Deontais a sholáthar chun grúpscéimeanna nua uisce agus séarachais, agus iad sin atá ann cheana, a bhunú agus a uasghrádú.
  • Deontais aonair le haghaidh toibreacha a sholáthar chun caighdeán uisce a fheabhsú.
  • Fóirdheontais chothabhála bhliantúla a íoc le grúpscéimeanna uisce.
  • Ceadúnais Oscailte Bóthar le haghaidh ceangal uisce agus séarachais.