Lonnú: An Chéad Urlár, Teach na Cúirte.
Seoladh: Teach na Cúirte, Ros Comáin.
Rphost: corporateservices@roscommoncoco.ie
Guthán: (090) 6637140 (Ginearálta)
Uimh. Facs: (090) 6637108
Soláthraíonn Seirbhísí Corporáideacha seirbhís rúnaíochta le haghaidh cruinnithe de Chomhairle Contae Ros Comáin agus a cuid coistí. Déantar gnóthaí oiliúna, áirithintí comhdhála agus íocaíochtaí do na Comhaltaí Tofa a phróiseáil sa rannóg seo. I measc na seirbhísí eile a chuirtear ar fáil tá:
Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Ros Comáin
Tá 26 chomhalta tofa, Comhairleoirí Contae, i gComhairle Contae Ros Comáin a dhéanann ionadaíocht thar ceann sé thoghcheantar: Áth Luain, Mainistir na Búille, an Caisleán Riabhach, Ros Comáin agus Béal na mBuillí. Toghtar na comhaltaí gach cúig bliana, agus bhí an toghchán deireanach ann sa bhliain 2009. Tá na comhaltaí a toghadh ar bhonn áitiúil i lár an aonaigh maidir le polasaithe a fhorbairt d'fhonn ár gcuid seirbhísí a sheachadadh ar fud an chontae. Tionóltar cruinnithe ar bhonn rialta gach mí chun polasaithe a fhoirmliú agus chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna i dtaca leis an bpobal. De réir na mBuanorduithe tionóltar Cruinnithe Comhairle ar an gceathrú Luan ó mhí Eanáir go mí na Samhna (seachas mí Lúnasa) agus ar an tríú Luan i mí na Nollag i Seomra na Comhairle, Teach na Cúirte, Ros Comáin. Ag CCB 2011 toghadh an Comhairleoir Eugene Murphy ina Mhéara agus toghadh an Comhairleoir Domnick Connolly mar Leas-Mhéara.
Oiliúint agus Comhdhálacha, Comhaltaí Tofa
Tá rannóg na Seirbhísí Corparáideacha freagrach as cúrsaí oiliúna agus seimineáir a chur in áirithe agus as na híocaíochtaí costas don 26 Chomhalta Tofa de Chomhairle Contae Ros Comáin.
Tá sé mar aidhm ag Comhairle Contae Ros Comáin, fostóir a bhfuil breis is 500 pearsanra aige, sábháilteacht, sláinte agus leas gach oibrí a chinntiú. Tá an tOifigeach Sábháilteachta, Ann Conneally fostaithe ag Comhairle Contae Ros Comáin.
I measc na spriocanna reatha sláinte agus sábháilteachta tá:
- Feasacht ar shaincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a mhéadú i measc an luchta oibre.
- Riachtanais oiliúna sábháilteachta an luchta oibre a mheas agus tionscnaimh oiliúna cuí a fhorbairt.
Ní mór do gach duine obair d'fhonn a chinntiú go bhforbraítear cultúr sábháilteachta dearfach i gComhairle Contae Ros Comáin, mar a ndéantar saincheisteanna sláinte agus sábháilteachta a chomhtháthú le bainistiú an ghnó agus bearta laethúla.
Teagmháil: An tOifigeach Sábháilteachta
Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Ros Comáin
Teach na Cúirte
Ros Comáin
Guthán: 090 6637371
Rphost: safetyofficer@roscommoncoco.ie
Ciallaíonn láithreán tréigthe aon talamh a bhaineann, nó ar dóigh dó baint, go feadh méid ábhartha, ó thaitneamhacht, ó shainghné nó ó dhealramh na talún i gcomharsanacht na talún i gceist:
- Mar gheall ar dhéanmhais atá ina bhfothraigh, tréigthe nó contúirteach a bheith ar an talamh i gceist, nó
- Mar gheall ar an talamh nó aon déanmhais ar an talamh i gceist a bheith ligthe i bhfaillí, mímhaiseach nó gráiniúil, nó
- Mar gheall ar aon bhruscar, truflais, smionagar nó dramhaíl a bheith ann nó a bheith caite nó carntha ar an talamh i gceist (ach amháin le ceart)
Forálann an tAcht um Láithreáin Thréigthe, 1990 le haghaidh socruithe éifeachtacha in aghaidh tréigean talún. Ceanglaíonn an tAcht ar údaráis áitiúla clár de láithreáin thréigthe a chothabháil faoi Alt 3 den Acht. Chomh maith leis sin, cuireann sé de dhualgas ginearálta ar úinéirí agus áitritheoirí talún lena n-áirítear comhlachtaí reachtúla agus Údaráis Stáit talamh a chosc ó theacht chun bheith ina láithreán tréigthe nó ó leanúint de bheith amhlaidh. Ní mór don Údarás Áitiúil gach beart réasúnach a ghlacadh le cinntiú nach dtagann aon talamh ina limistéar feidhme chun bheith ina láithreán tréigthe nó nach leanann de bheith amhlaidh.
Teagmháil: Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Ros Comáin
Teach na Cúirte
Ros Comáin
Guthán: 090 6637367
Rphost: mcox@roscommoncoco.ie
Faoi fhorálacha an Achta um Rialú Madraí, 1986, tá an tÚdarás Áitiúil freagrach as madraí a rialú i gContae Ros Comáin. Glactar an tasc seo mar chúram i bpáirt le Cumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe.
Ceanglaíonn an dlí ar gach úinéar madra anois ceadúnas reatha madraí a bheith acu, atá le ceannach ó aon oifig phoist.
The Minister for the Environment, Community and Local Government, Mr. Phil Hogan, has announced that the cost of the annual Dog Licence will increase from the current €12.70 to €20 from 1 January 2012.
Teagmháil: Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Ros Comáin
Teach na Cúirte
Ros Comáin
Guthán: 090 6637371
Rphost: corporateservices@roscommoncoco.ie
Feidhmíonn Comhairle Contae Ros Comáin seirbhís chonartha leis an Údarás um Shábháilteacht Bhia. Faoin gconradh sin aontaíonn Comhairle Contae Ros Comáin maoirseacht thréidliachta a dhéanamh ar na seamlais phoiblí agus na monarchana próiseála feola neamhspleácha sa chontae. Comhlacht rialála náisiúnta is ea an tÚdarás um Shábháilteacht Bhia atá freagrach as tomhaltóirí a chosaint trína chinntiú go gcomhlíonann bia a chaitear, a dháiltear, a mhargaítear nó a tháirgtear in Éirinn na caighdeáin shábháilteachta agus shláinteachais bhia is airde dá bhfuil ann. Is é Michael Leyden, Oifigeach Tréidliachta an Chontae, agus Chigirí Tréidliachta Sealadacha, a dhéanann an mhaoirseacht sheamlais. Déantar scrúdú réamhbháis ar gach ainmhí le cinntiú go mbíonn siad sláintiúil agus oiriúnach lena marú agus go ndeimhnítear an inrianaitheacht. Déantar iniúchadh iarbháis ar gach ainmhí a mharaítear le cinntiú go mbíonn an fheoil oiriúnach lena caitheamh ag daoine. An fheoil ar fad a nglactar léi, stampáltar comhartha sláinte uirthi arb é atá ann triantán agus an focal approved, uimhreacha an chontae, RN, agus uimhir faofa an áitribh inar maraíodh an t-ainmhí. Táirge ardchaighdeáin is ea an fheoil a tháirgtear go háitiúil, atá go hiomlán inrianaithe ó ainmhithe óga agus biashlabhra gearr aici ón bhfeirm chuig an bhforc.
Teagmháil: Michael Leyden
An tOifigeach Tréidliachta
Rannóg na Seirbhísí Corparáideacha
Comhairle Contae Ros Comáin
Teach na Cúirte
Ros Comáin
Guthán: 090 6637382
Rphost: mleyden@roscommoncoco.ie
Admhaíonn Comhairle Contae Ros Comáin mar ar éirigh le saoránaigh Chontae Ros Comáin agus tugtar onóir do mhórghníomhartha spóirt, gnó agus oibre pobail sna Fáiltithe Cathartha a eagraímid. Is iad Comhaltaí Chomhairle Contae Ros Comáin a ainmníonn na saoránaigh.