Civil Defence

An tUas. Ray Dunne, Oifigeach Cosanta Sibhialta Ros Comáin
Eagraíocht phobail náisiúnta is ea an Chosaint Shibhialta a bhraitheann go huile ar thiomantas agus díograis na ndaoine áitiúla a bhíonn ag obair go deonach. An rialtas láir agus an rialtas áitiúil a mhaoiníonn an eagraíocht. Fórsa ildhisciplíneach é agus bíonn sé seasta mar chuid de fhreagairt na n-údarás áitiúil i gcás éigeandála, agus mar chúltaca ag na seirbhísí éigeandála eile.
Oiliúint
Is deonaigh iad comhaltaí na Cosanta Sibhialta atá an-tiomanta agus thar a bheith díograiseach i leith choincheap na seirbhís poiblí, agus oibríonn siad ar mhodh struchtúrtha agus araíonachta faoi stiúir an Oifigigh Chosanta Shibhialta. Freastalaíonn siad ar ranganna agus gníomhaíochtaí oiliúna ar bhonn rialta mar a bhfoghlaimíonn agus a gcleachtann siad réimse scileanna úsáideacha lena n-áirítear:
- Garchabhair
- Modhanna Tarrthála
- Cuardach ar Muir is ar Tír
- Beathú Éigeandála
- Cúram Aslonnaithe
- Cumarsáid Raidió
- Scileanna Bádóireachta
Breis eolais:
An tUas. Ray Dunne, Oifigeach Cosanta Sibhialta,
Teach na Cúirte, Ros Comáin.
Guthán: 090-6637206
Rphost: rdunne@roscommoncoco.ie