Services

Map Alerts

Clár na dToghthóirí


Ballot Box - Voting

Ábhar:

  1. An bhfuil tú cláraithe?
  2. Postvótálaithe agus Vótóirí Speisialta
  3. Forlíonadh leis an gClár
  4. Clár Atheagraithe

Tá Comhairle Contae Ros Comáin freagrach as Clár na dToghthóirí do Chontae Ros Comáin.

Aon duine a bheidh 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar 15 Feabhra, beidh siad incháilithe chun bheith ar an gclár. Ní féidir le duine a bheith cláraithe ach le haghaidh seoladh poist amháin.

Foilsítear Dréachtchlár (bándearg) ar 1 Samhain gach bliain agus cuirtear ar fáil é in oifigí na Comhairle Contae, Leabharlanna, Stáisiúin an Gharda Síochána agus in Oifigí Poist lena scrúdú go dtí 25 Samhain.

Moltar do chách an clár a sheiceáil i gcaitheamh na tréimhse seo le bheith cinnte go bhfuil gach duine den líon tí atá i dteideal vótála cláraithe i gceart.

Os rud é go n-ullmhaítear clár nua gach bliain, ní haon deimhniú é a bheith ar an gclár roimhe seo go gcuirfear san áireamh sa chlár nua tú.

Ní mór éilimh maidir le hainmneacha breise, ainmneacha a scriosadh nó ainmneacha a cheartú a dhéanamh faoi 25 Samhain ar Form RFA1 agus cinntíonn an Cláraitheoir Contae iad sin ag Cúirteanna Athbhreithnithe a bhíonn sna toghcheantair áitiúla go luath i mí na Nollag de ghnáth. Cuirtear an cinneadh seo in iúl do pháirtithe leasmhara agus baineann achomhairc leis an gCúirt Chuarda.

Foilsítear an Clár Críochnúil ar 1 Feabhra, tagann sé i bhfeidhm ar 15 Feabhra agus úsáidtear é ag gach toghchán agus reifreann a thionóltar as sin go ceann 12 mhí.

AN BHFUIL TÚ CLÁRAITHE?

Chun bheith incháilithe le haghaidh cláraithe mar Thoghthóir Uachtaránachta ní mór do dhuine:

  1. a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar an 15 Feabhra an bhliain ina dtagann an clár i bhfeidhm;
  2. gnáthchónaí a bheith air nó uirthi i dtoghcheantar ar an dáta cáilitheach (1 Meán Fómhair an bhliain roimh an mbliain ina dtagann an clár i bhfeidhm);
  3. a bheith ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach ar an dáta cáilitheach.

Chun bheith incháilithe le haghaidh cláraithe mar Thoghthóir Dála ní mór do dhuine:

  1. a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar an 15 Feabhra an bhliain ina dtagann an clár i bhfeidhm;
  2. gnáthchónaí a bheith air nó uirthi i dtoghcheantar ar an dáta cáilitheach (1 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin); agus
  3. a bheith ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach nó Briotanach ar an dáta cáilitheach.

Chun bheith incháilithe le haghaidh cláraithe mar Thoghthóir Eorpach ní mór do dhuine:

  1. a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar an 15 Feabhra an bhliain ina dtagann an clár i bhfeidhm;
  2. gnáthchónaí a bheith air nó uirthi i dtoghcheantar ar an dáta cáilitheach (1 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin); agus
  3. a bheith ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach nó ina náisiúnach de Bhallstát de chuid na gComhphobal Eorpach seachas Éire ar an dáta cáilitheach.

Chun bheith incháilithe le haghaidh cláraithe mar Thoghthóir Rialtais Áitiúil ní mór do dhuine:

  1. a bheith 18 mbliana d'aois nó os a chionn ar an 15 Feabhra an bhliain ina dtagann an clár i bhfeidhm;
  2. gnáthchónaí a bheith air nó uirthi i dtoghlimistéar áitiúil ar an dáta cáilitheach (1 Meán Fómhair an bhliain roimhe sin).
Tabhair do d'Aire, le do Thoil
  1. níl aon cheanglas saoranachta ann chun bheith cláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil;
  2. tá saoránaigh de chuid na hÉireann agus náisiúnaigh chónaitheacha de chuid Bhallstát na gComhphobal Eorpach (lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe) incháilithe chun cláraithe mar Thoghthóirí Eorpacha;
  3. níl cead ag duine clárú níos mó ná uair amháin mar thoghthóir;
  4. ciallaíonn saoranach Briotanach duine ar saoránach Briotanach é nó í faoin British Nationality Act 1981, Acht de chuid na Ríochta Aontaithe.
Dátaí Tábhachtacha

Is é 1 Meán Fómhair an dáta cáilithe do ghnáthchónaitheoirí.

Foilsítear an Dréachtchlár ar 1 Samhain.

An dáta deiridh chun éileamh a dhéanamh - 25 Samhain.

Foilsiú liosta na n-éileamh - 30 Samhain.

Foilsiú an Chláir - 1 Feabhra.

Teacht i bhfeidhm an Chláir - 15 Feabhra.

Cén áit le Clárú

Tá foirmeacha iarratais ar chlárú le fáil i stáisiúin an Gharda Síochána agus in Oifigí an Phoist ar fud an Chontae, chomh maith le Comhairle Contae Ros Comáin. Taisctear na foirmeacha comhlánaithe le Comhairle Contae Ros Comáin, a chinnfidh incháilitheacht na n-iarratas lena gcur san áireamh ar an gClár nó i bhForlíonadh an Chláir.

Liosta na bPostvótálaithe / Liosta na Vótóirí Speisialta

Tá foráil shonrach déanta faoi na hAchtanna Toghcháin le haghaidh ullmhú na liostaí thuas i leith catagóirí áirithe vótóirí. Daoine atá breoite nó faoi mhíchumas agus a chónaíonn sa bhaile nó in institiúid nó nach gcónaíonn sa bhaile de bharr cúinsí oideachais nó slí bheatha, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh le go gcuirfear san áireamh iad.

  • Toghthóirí nach féidir leo vótáil ag a n-ionad vótaíochta de bharr cúinsí a bhaineann lena slí bheatha: Form PV2.
  • Comhaltaí lánaimsire sna fórsaí cosanta. Féadfar comhaltaí a chónaíonn i ndúnta míleata a chlárú ag an dún nó ag a seoltaí baile.
  • Taidhleoirí Éireannacha ar post thar lear, agus a gcéilí; bíonn siad cláraithe ag a seoltaí baile in Éirinn.
  • Tá sé de rogha ag comhaltaí an Gharda Síochána bheith cláraithe mar ghnáththoghthóirí nó mar vótóirí poist. I gceachtar cás, bíonn siad cláraithe ag a seoltaí baile.

An Forlíonadh le Clár na dToghthóirí

Tá foráil déanta freisin faoi na hAchtanna Toghcháin le haghaidh Forlíonadh le Clár na dToghthóirí a ullmhú, maraon le Forlíontaí le Liostaí na Vótóirí Poist agus na Vótóirí Speisialta. Rinne an tAcht Toghcháin, 1997 foráil le haghaidh athruithe ar an bhForlíonadh le Clár na dToghthóirí agus Forlíontaí le Liostaí na Vótóirí Poist agus na Vótóirí Speisialta a thabhairt isteach. Tá sonraí breise ar fáil ach iad a iarraidh.

An Clár Atheagraithe

Ón mbliain 2004 ar aghaidh, foilseoidh Comhairle Contae Ros Comáin dhá leagan de Chlár na dToghthóirí - an clár "Atheagraithe" agus an clár "Iomlán".

Is é a bheidh sa chlár atheagraithe ainmneacha agus seoltaí daoine a thugann le fios gur féidir a gcuid sonraí a úsáid chun críche seachas úsáid thoghcháin nó reachtúil, e.g.: margaíocht dhíreach le heagraíocht thráchtála nó eile. Liostaíonn an clár iomlán gach duine atá i dteideal vótála agus tar éis clár atheagraithe a fhoilsiú ní féidir é a úsáid ach chun críche toghcháin nó chun críche eile reachtúil.

Agus an Fhoirm RFA á comhlánú agat, tá rogha i gcuid (v) más mian leat go n-úsáidfí do chuid sonraí chun críche seachas cúrsaí toghcháin nó reachtúla agus sa chás sin ba cheart duit tic a chur leis an rogha dearfach nó diúltach. Cuir tic leis an rogha dearfach más mian leat d'ainm a bheith ar an gclár atheagraithe agus cuir tic leis an rogha diúltach más mian leat d'ainm a bheith ar an gclár iomlán.

Teagmháil:

An Rannóg Toghchórais
Comhairle Contae Ros Comáin
Teach na Cúirte
Ros Comáin
Guthán: 090 6637147
Rphost: regelectors@roscommoncoco.ie