Services

Map Alerts

Áineas


Saoráidí a fhorbairt don phobal.

Clár ábhar:
  1. Páirc Bhaile Ros Comáin
  2. Ionad Slatiascaireachta Áth Liag
  3. Slí na Sláinte
  4. Croíthailte Uaine - Raon Rothar
  5. An Táin - Raon Rothar
  6. Bealach na Mianadóirí - Slí na Staire

Páirc Bhaile Ros Comáin

Láthair áineasa 14 acra is ea Páirc Loch na nÉan atá suite sa taobh thiar thuaidh de bhaile Ros Comáin, ar imeall fhothrach Chaisleán Ros Comáin, caisleán maorga Normannach de chuid an 13ú céad. Tá crannóg sa Pháirc ar a dtugann muintir na háite the Hill o' Bones, móinéar lusanna fiáine, raon éan, loch, mullóga, clós súgartha leanaí agus carrchlós. Saoráid speisialta laistigh den pháirc is ea an clós súgartha. Rinneadh é a dhearadh le go mbeadh sé oiriúnach do leanaí suas go dhá bhliain déag d'aois.

Roscommon Castle Playground

Ionad Slatiascaireachta Áth Liag

Riarann Comharchumann Ghleann na Suca Ionad Slatiascaireachta Ghleann na Suca atá suite i seanteampall Eaglais na hÉireann, Áth Liag, ar bhruach abhainn na Suca, ceann de na aibhneacha is fearr le haghaidh garbhiascaireachta in Éirinn. Tá ionad eolais, ceardshiopa, gailearaí agus siopa caife san Ionad, iad ar fad dírithe ar iascairí slaite ar cuairt. Dhíol Eaglais na hÉireann an teampall seo leis an gComhairle sa bhliain 1978 ar an mbonn go gcuirfí chun leas an cheantair é. Ghlac an Chomhairle léas fadtéarma ar an réadmhaoin i gcomhpháirt le Comharchumann Ghleann na Suca Teo ar cíos ainmniúil. Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag tacú leis an tsaoráid turasóireachta luachmhar seo.

Slí na Sláinte - Baile Ros Comáin

Scéim chun daoine a spreagadh chun dea-shláinte is ea Slí na Sláinte, a thionscain Foras Croí na hÉireann. Tá sé mar chuspóir ag an scéim cleachtas na haclaíochta ar bhonn rialta a chur chun cinn i bhfoirm siúlóide. Mar thoradh ar an scéim a bheith glactha ag Comhairle Contae Ros Comáin tá slite curtha ar bun i mbaile Ros Comáin agus i mBéal na Buillí.

8 gciliméadar ar fad atá sa tSlí thart ar bhaile Ros Comáin agus is é atá ann dhá bhealach 4 chiliméadar an ceann. Tá comharthaí bóthair le feiceáil go soiléir fan na slí timpeall an bhaile. 8 gciliméadar atá i Slí Bhéal na mBuillí freisin agus is san Ionad Oidhreachta a thosaíonn sé. Ón áit sin is féidir leat siúl i dtreo Loch Chluain Fionnlocha go feadh 4 chiliméadar agus filleadh ansin ar an tslí chéanna, turas 8 gciliméadar ar fad.

Croíthailte Uaine - Raon Rothar

I gcomhpháirt le Comhairle Contae Ros Comáin, d'fhorbair Cuideachta Leader Ros Comáin Lár-Theas raon rothar 137.2 ciliméadar thart ar dheisceart Ros Comáin d'fhonn an turasóireacht a chur chun cinn agus aird an phobail a dhíriú ar chuid de na radharcanna suimiúla timpeall na háite. Clúdaíonn an raon Cill Tuama, Caoilte, Garrán Beithe, Béal Átha Feorainne, Áth Liag, Ros Comáin, Cnoc an Chrochaire, Doire Ghlad agus Tigh Srathra agus meallann sí turasóirí chun na gcodanna sin den chontae.
Tá an raon deighilte ina chéimeanna ionas gur féidir an turas rothaíochta a shíneadh thar 7 lá má chlúdaítear 19 míle sa lá ar an meán. Ar an gcaoi sin bíonn deis ag na rothaithe an taobh tíre a fheiceáil agus roinnt ama a chaitheamh timpeall an chontae, agus spreagtar suim bhreise sna taitneamhachtaí atá ar fáil.

An Táin - Raon Rothar

I gcomhpháirt le Turasóireacht Lár Tíre - an Oirthir tá raon rothar forbartha ag Comhairle Contae Ros Comáin a théann trí chontaethe Ros Comáin, an Longfoirt, na hIarmhí, na Mí agus Lú. Tosaíonn sé i Ráth Cruachan, Co. Ros Comáin agus is féidir é a leanúint fan an N5 chomh fada le Tearmann Bearaigh nó fan an N61 chomh fada le hÁth Luain. Rianann an raon rothar bealach Tháin cháiliúil Bó Cuailgne.

Bealach na Mianadóirí - Slí na Staire

Rinneadh an bealach siúlóide seo atá 110.5 ar fhad, agus a bhfuil 39 míle de i gContae Ros Comáin, a phleanáil agus a thógáil faoi choimirce coiste ar a raibh ionadaithe ó Chomhairlí Contae Liatroma, Ros Comáin agus Shligigh mar aon le roinnt foras deonach i ndobharcheantar an bhealaigh. Tá an bealach mar chuid den ghréasán náisiúnta de bhealaigh shiúlóide fadraoin atá ceadaithe ag Cospóir. Tá an bealach ceangailte le bealach siúlóide fadraoin Shlí Liatroma atá ann cheana sa Damhshraith agus a shíneann leis as sin trí Shléibhte na hAirgní via an Airgnigh, Céideadh agus Béal Átha Fearnáin agus ar aghaidh ansin i dtreo Chnoc an Bhiocáire agus Páirc Foraoise Loch Cé agus Mainistir na Búille. Uaidh sin síneann sé amach i dtreo Chaisleán an Chorrshléibhe via Baile na Feide agus Béal Átha na gCarraigíní agus casann soir ag Béal Átha na gCarraigíní i dtreo na Coille Uachtaraí agus ar ais go dtí an Airgnigh arís.

Bealach na Mianadóirí / Slí na Staire a thugtar ar an mbealach. Leiríonn Bealach na Mianadóirí go dtéann an raon trí cheantar mianadóireachta na hAirgní agus tugtar Slí na Staire air de bhrí go leanann sé an treo a chuaigh an tIarla Rua sa naoú céad. Tabharfaidh an bealach dúshlán an choisithe agus cuirfidh an siúlóir céanna spéis ann freisin. Trasnaíonn an bealach réimse leathan de ghnéithe an tírdhreacha idir airde sliabh agus ísle gleann. Tá treoir mhionsonraithe ar fáil i bhfoirm mapa, ina bhfuil eolas faoi chuid mhaith láithreacha a mbaineann tábhacht stairiúil, gheografach agus seandálaíochta leo fan an bhealaigh.