Cuireann Comhairle Contae Ros Comáin raon leathan seirbhísí ar fáil a bhfuil tionchar acu ar shaol laethúil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu sa chontae nó atá ar cuairt ann. Ina measc tá idir sheirbhísí riachtancha ar nós soláthair uisce agus áiseanna séarachais, agus áiseanna fóillíochta ar nós leabharlanna. Is í comhairle contae Ros Comáin an láraonad rialtais áitiúil, a bunaíodh sa bhliain 1899 tar éis achtú an Local Government (Ireland) Act 1898. Is é atá sa chomhairle thofa, 26 ball a thoghtar go díreach chun ionadaíocht a dhéanamh go díreach thar ceann mhuintir an chontae.
Reachtáltar toghchán gach cúig bliana agus toghadh na baill atá ann faoi láthair i Meitheamh 2009. Déanann na baill atá ann faoi láthair ionadaíocht thar ceann na dtoghcheantar seo a leanas:
- Áth Luain
- Mainistir na Búille
- An Caisleán Riabhach
- Ros Comáin
- Béal na mBuillí
Cuireann na baill de Chomhairle Contae Ros Comáin, a thoghtar go daonlathach, cineál rialtais ar fáil atá an-ghar don phobal. Is ar bhonn toghcheantar áitiúil a thoghtar na baill agus lonnaítear go straitéiseach iad ar fud an Chontae agus tá siad suite go hoiriúnach dá bhrí sin chun polasaithe a fhorbairt agus chun na seirbhísí a theastaíonn a sholáthar.
Is cuid de mhachaire lár na hÉireann é Contae Ros Comáin agus tá cuid mhór de dhromchla an chontae faoi bhunsraith aolchloiche. Ritheann Abhainn na Sionna ar thaobh thoir an chontae agus Abhainn na Suca ar thaobh thiar an chontae agus tagann an dá abhainn le chéile ó dheas ón gcontae. Tá íomhá ghlan neamhthruallaithe ag an gcontae lena taitneamhachtaí nádúrtha, agus tá an cultúr agus an oidhreacht shaibhir atá ag an gcontae le cothú do chách agus le go mbainfidh cách taitneamh astu.
Achar Chontae Ros Comáin: 4360 ciliméadar
Daonra (daonáireamh 2001): 53,803
Líon ball Chomhairle Contae Ros Comáin: 26
Caighdeáin Ghréasáin
D'eisigh Comhairle Contae Ros Comáin leagan nua den suíomh idirlín www.roscommoncoco.ie i mí Eanáir 2006. Féachann an suíomh nua le bheith níos áisiúla don úsáidire agus go mbeidh rochtain ag réimse níos leithne dár gcustaiméirí air. I bhfianaise an mhéid sin, úsáideann an suíomh teicneolaíocht chaighdeán-bhunaithe, leithéidí XHMTL agus CSS. Ba cheart go gcinnteofaí dá réir gur féidir an suíomh a úsáid ar réimse clár brabhsálaithe níos leithne.
Inrochtaineacht
Tá iarracht déanta againn ar an suíomh nua freisin, nuair is féidir é, cloí le treoirlínte an WAI maidir le hinrochtaineacht ábhair ghréasáin, is é sin Web Content Accessibility Guidelines de réir an leibhéil Double-A. Is féidir na leathanaigh sin a chloíonn le treoirlínte an WAI a aithint ó lógó Double-A an WAI i mbun na leathanach sin.
Cineálacha Comhad
Cuirtear eolas ar fáil ar an suíomh seo i gcineálacha éagsúla formáid agus comhad. Sa chás go ndéanann nasc comhad, seachas nasc chuig leathanach gréasáin, a íoslódáil, rinneamar iarracht cineál an chomhaid agus méid na híoslódála a aithint. Bíonn roinnt comhad an-mhór agus teastaíonn rochtain idirlín leathanbhanda chun iad a íoslódáil in achar ama réasúnta. Nuair a bhíonn sé sin i gceist tá sé tugtha le fios againn gur comhad mór atá ann.
Is comhaid choitianta iad cuid de na cineálacha comhad a úsáidtear ar an suíomh seo, agus tá na cláir a úsáidtear chun iad a léamh liostaithe sa tábla seo thíos:
Cineálacha na gComhad a Úsáidtear ar an Suíomh Seo| Cineál Comhaid | Iarmhír(eanna) | An Clár a Léann an Comhad | Le Fáil ó | Tuairim |
|---|
| Portable Document Format (PDF) | .pdf | Adobe Acrobat Reader | Íoslódáil Acrobat Reader Anseo | Formáid doiciméid atá inléite amháin |
| Microsoft Word (MS-Word) | .doc | Microsoft Word, Microsoft Wordpad | Microsoft | Formáid doiciméid próiseála focal atá coitianta. |
| Microsoft Excel (MS-Excel) | .xls | Microsoft Excel | Microsoft | Formáid doiciméid scarbhileoige atá coitianta. |
| Comhaid Ghrafaice | .jpg, .gif, .png | Furmhór na mBrabhsálaithe Gréasáin nó na gClár Grafaice | Éagsúil | Formáidí Comhad Íomhánna atá coitianta |
Aiseolas
Cad é do thuairim faoin suíomh seo? Ba mhaith linn do thuairim a fháil uait. Seol tuairimí, moltaí nó ceartúchán chuig:
Rphost: webmaster@roscommoncoco.ie nó chuig:
An Stiúrthóir Gréasáin
Suíomh Idirlín Chomhairle Contae Ros Comáin
Roinn na gCóras Faisnéise
Teach na Cúirte
Ros Comáin
Contae Ros Comáin
Privacy Policy
Terms and Conditions
Disclaimer
Accessibility Statement
Re-use of Information
Click here for details on the re-use of Public-Sector information.